Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí Cormac ar an scoil ar an Lagán, i ndiaidh do diúltú an scrúdú a dhéanamh, mheas sé nach raibh dúil ag an mháistir ann níos mó agus nach raibh sé a iarraidh sa scoil. Thart fá am na Nollag bhí sé sa bhaile agus ní raibh sé ag coinneáil iontach maith, bhí a dheirfiúr pósta amuigh i gCaisleán na Finne agus d’iarr sí air a dhul amach tamall. Fuair an máistir amach go raibh sé amuigh ansin agus nach raibh sé ar an scoil, chuir sé scéala amach agus b’éigean do Chormac a dhul na scoile ansin in Feabhra ar feadh 3 mí. Rinne sé bunteastas ansin agus d’éirigh leis é a fháil. Bhí an máistir a bhí aige ansin ag rothaíocht as Srath an Urláir gach lá, Máistir Mac Giolla Eáin ab ainm do. | 00:02:57 | |
D’imigh sé go hAlbain ach bhí an obair aige sular imigh sé. D’imigh sé le col ceathrar do in Lúnasa 1949. Chuaigh sé anonn ar bhád Dhoire. Bhí an bád pacáilte ach ní raibh an aimsir garbh. Bhí bar ar an bhád fosta. Bhí eallach uirthi fosta a tháinig di in Inis Bán - Whiteinch agus théadh sí ar aghaidh ansin go Greenock, bhí léir Éireannaigh ansin fosta agus théadh sí ó sin go Glaschú. Bhí léir daoine muinteartha aige in Clydebank agus ó sin go Loch Sloy in Dunbartonshire. Bhí sé ag obair ag comhlacht Belfour & Beattie. Bhí siad ag stopadh i gcampaí le bothanna / huts móra foscailte iontu. Bhí dhá sornóg – ceann ar achan cheann den champ acu agus 20 leaba iontu, bhí locar ag gach fear lena chuid éadaigh a chur isteach ann. Bhí léir Éireannaigh ansin agus bhí daoine a raibh aithne aige orthu sna campaí i gcónaí. Bhí cuid mhór Polannaigh agus Úcránaigh ag obair ansin fosta. Ní raibh an t-airgead maith, £2 3½d an pá a bhí aige ansin. Ní raibh an bia iontach ach rinne sé cúis. Ní bheadh ocras ort. Bhí sé ag cur airgid na bhaile fosta. | 00:12:45 | |
D’fhág sé an Bhreatain Bheag nuair a bhí timpiste aige, bhris sé a ordóg agus a lámh. Bhí sé 10 lá san ospidéal. D’imigh sé go Glaschú ansin, bhí col ceathar ansin aige. Fuair sé éiric de £200 agus tháinig sé na bhaile. Bhí athrach mór ar an bhaile nuair a tháinig sé ar ais. Bhí sé ar shiúl tamaill bheaga ina dhiaidh sin ach thagadh sé na bhaile go minic arís. | 00:05:18 | |
Bhí am breá aige agus bhí dúil aige ar shiúl ag obair agus ag casadh le daoine. Tá athrach mór ar dhaoine anois. | 00:01:12 | |